Téarmaí agus Coinníollacha le haighneachtaí a chur faoi bhráid an Tionóil Saoránach ar Úsáid Drugaí.
- Ní féidir ach aighneachtaí a fhaightear tríd an fhoirm aighneachta ar líne a bhreithniú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
- Ní ghlacfar le haighneachtaí gan ainm.
- Foilseofar na haighneachtaí bailí go léir ar www.citizensassembly.ie, lena n-áirítear, ainmneacha iomlána (an chéad ainm, sloinne agus ainm na heagraíochta, más infheidhme).
- Féadfar faisnéis phearsanta a leasú ar iarratas nó mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear, ainmneacha.
- Baileofar faisnéis teagmhála, lena n-áirítear, seoladh ríomhphoist, seoladh agus uimhir theileafóin chun aighneachtaí a fhíorú. Ní fhoilseofar an fhaisnéis seo.
- D’fhéadfaí aighneachtaí a mheastar a bheith ionsaitheach, míchuí nó nach bhfuil ábhartha d’obair an Tionóil a mheas mar aighneachtaí neamhbhailí.
- D’fhéadfaí ábhar as aighneachtaí a lua i dtuarascálacha a ullmhaítear do chruinnithe an Tionóil.
- Beidh athbhreithniú ar aighneachtaí faoi réir ag athbhreithniú dlíthiúil, lena n-áirítear:
- An Reachtaíocht um Chosaint Sonraí;
- An tAcht do Thoirmeasc Gríosú chun Fuatha 1989;
- An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020;
- An tAcht um Chlúmhilleadh 2009.