Téarmaí Tagartha

Téarmaí Tagartha

Tabharfar Tionól Saoránach ar Úsáid Drugaí le chéile chun breithniú a dhéanamh ar na hathruithe reachtacha, beartais agus oibríochta a d'fhéadfadh an Stát a dhéanamh chun laghdú suntasach a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha na ndrugaí aindleathacha ar phearsana aonair, teaghlaigh, pobail agus an tsochaí i gcoitinne, agus moltaí chuige sin a thabhairt ar aghaidh; breithneoidh an Tionól na nithe seo a leanas, inter alia:

  • na spreagaithe, an fhorleithne, na tuairimí agus na treochtaí i ndáil le húsáid drugaí i sochaí na hÉireann;
  • tionchair dhíobhálacha úsáide drugaí ar phearsana aonair, teaghlaigh, pobail agus an tsochaí i gcoitinne;
  • an dea-chleachtas i ndáil le tacú le hathshlánúchán agus biseach ó andúil i ndrugaí agus an céanna a chur chun cinn;
  • an taithí saoil atá ag daoine óga agus daoine fásta a ndéanann úsáid drugaí difear dóibh, agus dá dteaghlaigh agus dá bpobail freisin;
  • tuairimí idirnáisiúnta, tuairimí de chuid an Aontais Eorpaigh, chomh maith le cinn náisiúnta agus áitiúla, ar úsáid drugaí;
  • a éifeachtúla is atá freagairtí reatha straitéiseacha, beartais agus oibríochta ar úsáid drugaí;
  • dea-chleachtas idirnáisiúnta agus cáis-staidéir phraiticiúla i ndáil le soláthar, éileamh agus díobháil a laghdú, agus athléimneacht, sláinte agus dea-bhail a mhéadú; agus
  • na deiseanna agus na dúshláin atá ann, i gcomhthéacs Éireannach, maidir le reachtaíocht, straitéis, beartas agus freagairtí oibríochta i dtaobh úsáid drugaí a athleasú, agus na himpleachtaí do na córais sláinte, ceartais choiriúil agus oideachais á gcur i gcuntas.

Maidir leis an Tionól Saoránach:

  • go mbeidh 100 comhalta ann san iomlán, lena n-áirítear 99 nduine den phobal a roghnófar go randamach, agus Cathaoirleach neamhspleách a bheidh ainmnithe ag an Taoiseach;
  • go ndéanfaidh sé aon phearsa aonair díobh seo a leanas a chosc ó chomhaltas na dTionól:
    • atá faoi bhun 18 mbliana d'aois;
    • nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát;
    • polaiteoir atá ag fónamh faoi láthair i gceachtar Teach den Oireachtas, i rialtas áitiúil nó i bParlaimint na hEorpa;
    • brústocaire dá bhforáiltear faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015; nó
    • duine nach bhfuil sásta cloí le bearta sláinte poiblí mar a fhorordaíonn an Rialtas agus údaráis sláinte poiblí ó am go ham;
  • go dtionólfar a chéad chruinniú i mí Aibreáin 2023 agus go gcríochnóidh sé a chuid oibre agus go gcuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais roimh dheireadh 2023;
  • go mbeidh an tsolúbthacht aige chun amlíne athbhreithnithe lena obair a chur i gcrích a chinneadh i gcás ina gcuirfidh cúinsí neamhghnácha isteach ar a chuid oibre nó moill ar a gcuid oibre;
  • go dtabharfaidh siad tuarascáil agus moladh (moltaí) i dtaobh na nithe os a gcomhair do Thithe an Oireachtais. Ar an méid sin a fháil, tarchuirfidh Tithe an Oireachtais an tuarascáil chuig Coiste den dá Theach lena breithniú; déanfaidh an Coiste sin, dá réir sin, a dtátail a chur faoi bhráid na dTithe chun díospóireacht a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, tabharfaidh an Rialtas, ar an tuarascáil a bhreithniú, freagra i dTithe an Oireachtais ar gach moladh ón Tionól, ina ndéanfaidh sé creat ama chun na moltaí sin a chur i bhfeidhm a chur in iúl;
  • go sannfar Rúnaí agus foireann ón Rúnaíocht chun tacú le rialachas agus oibriú éifeachtach cruinnithe den Tionól, chun tacú leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí ina róil agus chun tacú leis an tuarascáil deiridh a dhréachtú;
  • go gcomhaontóidh sé a rialacha nós imeachta agus a chlár oibre féin chun gur féidir a ghnó a sheoladh go héifeachtach ar mhodh chomh heacnamúil agus chomh héifeachtach agus is féidir;
  • go bhfeidhmeoidh sé ar shlí a bheidh follasach trédhearcach, lena n-áirítear trí imeachtaí poiblí a bheoshruthú;
  • go gcinnfidh siad gach saincheist trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus ag vótáil, seachas an Cathaoirleach ag a mbeidh vóta réitigh i gcás comhionannas vótaí;
  • go bhforbróidh sé clár nuálach chun go mbeidh pearsana aonair agus pobail a ndearna saincheisteanna atá bainteach le drugaí difear díreach dóibh in ann a bheith rannpháirteach ann, chomh maith le daoine atá ag obair ar sheachadadh seirbhísí ar an líne tosaigh;
  • go ndéanfaidh sé plé le saineolaithe ar an ábhar chun faisnéis a thabhairt i dtaobh a gcinntí, mar chainteoirí dá dtabharfar cuireadh nó mar chomhaltaí de Ghasra Comhairleach Saineolaithe, san áireamh;
  • go ndéanfaidh sé plé le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne, lena n-áirítear trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí, agus trí chuireadh a thabhairt do chainteoirí roghnaithe chun bheith rannpháirteach i gcruinnithe den Tionól;
  • go n-íocfar táille oinigh leis an gCathaoirleach ag ráta per diem a cheadóidh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Náisiúnta agus Athchóirithe; agus
  • go ndéanfar íocaíocht le comhaltaí an Tionóil Shaoránaigh agus comhaltaí an Ghasra Chomhairligh Saineolaithe chun aitheantas a thabhairt dá seirbhís shibhialta.