Téarmaí Tagartha
I mí Feabhra 2022, chinn an Oireachtas go ndéanfar Tionól Saoránach a ghairm chun breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, chun cibé moltaí a dhéanamh is cuí leo agus le tuairisciú do Thithe an Oireachtais:
Tionól de Shaoránaigh de chuid Bhaile Átha Cliath, le 80 comhalta san iomlán, lena n-áirítear Cathaoirleach neamhspleách, 67 nduine den phobal a chónaíonn i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath, a roghnófar go randamach, agus 12 Chomhairleoir a roghnófar ó na ceithre údarás áitiúla, chun a bhreithniú cén cineál méara thofa go díreach agus cé na struchtúir rialtais áitiúil is fearr a oireann do Bhaile Átha Cliath; breithneoidh an Tionól, inter alia:
- láidreachtaí agus laigí an mhúnla reatha rialtais áitiúil in Éirinn i gcoitinne, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe;
- na buntáistí, na baoil, na dúshláin agus na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint le Méara do Bhaile Átha Cliath a bheadh tofa go díreach;
- an taithí Idirnáisiúnta agus Eorpach maidir le méaraí a toghadh go díreach; agus
- dearcadh an phobail i gcoitinne agus dearcadh grúpaí ionadaíocha, grúpaí tathanta, saineolaithe agus lucht ceaptha beartas.