Leanann an Tionól Saoránach samhail an Tionóil Saoránach 2016 - 2018.
Ceadaíodh bunú an Tionóil Saoránach, 2016 - 2018 le Rún ó dhá Theach an Oireachtais i mí Iúil 2016.
Leagadh amach sa Rún go ndéanfadh an Tionól Saoránach 2016 – 2018 breithniú ar na nithe seo a leanas agus cibé moltaí is cuí leis a dhéanamh agus tuairisciú do Thithe an Oireachtais:
- An tOchtú Leasú ar an mBunreacht
- Conas is fearr is féidir linn tabhairt faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois
- Téarmaí Seasta Oireachtais
- An tslí a reachtáiltear reifrinn
- Mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide
Tá na freagraí go léir ar fáil ar líne ar.